Téigh ar ais | Go back

Ár dteaghlaigh

11/9/2026

Ba é mo theaghlach fócas na seachtaine.

Thaitin sé go mór leis na páistí foghlaim faoi theaghlaigh a chéile. Le linn am ciorcail, thógamar an deis féachaint ar ghrianghraif ár dteaghlaigh ar an mballa. Labhair gach páiste faoina dteaghlach féín. Thaitin sé go mór leis na páistí amhráin a chanadh, agus thaitin sé leo damhsa agus uirlisí ceoil a sheinm freisin.

Don ealaín agus don cheardaíocht an tseachtain seo, phéinteáil muid pictiúr dár dteaghlaigh agus chruthaigh na páistí a gcrann teaghlaigh pearsanta féin. Thaitin sé go mór leis na páistí dathú freisin.

Bhain na páistí taitneamh as siúlóid dúlra lasmuigh ag rith tríd bealach na síoge agus ag iarraidh feithidí a aimsiú freisin. D'imir muid sa chistin láibe, sa sleamhnán agus leis na rothair freisin.

Rinneamar spraoi leis an ngaineamh ag déanamh cruthanna lenár méara agus gearrthóirí. Bhain na páistí taitneamh as baill dá dteaghlaigh a chruthú ag baint úsáide as marla.

Thaitin sé go mór leis na páistí a bheith ag imirt leis an teach bábóg agus leis na bábóga nua a cheannaíomar. Bhí an-tóir ar an bhfeirm an tseachtain seo agus thaitin sé go mór leis na páistí na tarracóirí, na leantóirí agus na hainmhithe a úsáid.

An tseachtain seo chugainn, toisc gur thaitin sé go mór leis na páistí a bheith ag caint faoina mbaill teaghlaigh agus gur luaigh siad peataí mar páirt tábhachtach dár chlann, díreoimid ar fhoghlaim faoi pheataí an tseachtain seo chugainn.

Bíodh deireadh seachtaine iontach agaibh.

Our Families

11/9/2026

My family was the focus of the week.

The children loved learning about each other’s families. During circle time we took an opportunity to look at our family photos on the wall. Each child talked about their family.

The children loved singing songs every day, as well as dancing and playing music instruments.

For our arts and crafts this week we painted a picture of our families and the children created their own personal family tree. The children also loved colouring.

The children enjoyed a nature walk outdoor exploring the fairy walk and also trying to find insects. We also played in the mud kitchen, slide and bikes.

We explored the sand making shapes using our fingers and cutters. The children enjoyed creating their family members using play dough.

The children loved playing with the dolls house and new dolls which we bought. The farm was a big hit this week where children loved using the tractors, trailers and animals.


Next week, as the children loved talking about their family members and have mentioned pets as the most important one, we will focus on learning about pets next week.

Have a great weekend.