Bunaíodh Naíonra Tigh na Sí i 2008 le cabhair an pobail agus tuismitheoirí na háite. Is comhlacht neamhbhrabúis í an Naíonra fós, atá á bainistiú ag an bpobal agus na tuismitheoirí a úsáideann an tseirbhís .Tugaimid oideachas do pháistí trí Mheán na Gaeilge.
Is é misean Naíonra Tigh na Sí ná seirbhís chúraim leanaí d’ardchaighdeán a chur ar fáil do pháistí réamhscoile agus aoise scoile i gclanna an cheantair.
Tá muid cláraithe le Tusla – An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Is í an fhoireann thraenáilte, dhíograiseach agus chairdiúil bunchloch na seirbhíse atá againn.
Thar aon ní eile, is iad leas do pháiste agus do shuaimhneas intinne is tábhachtaí dúinn. Cuirimid timpeallacht ar fáil ina bhfuil daoine cairdiúla, grámhara, agus ina mbeidh na páistí ar a gcompord ann. Áit ina gcaitear le chuile pháiste le hómós, agus ina mbeidh siad ag forbairt agus ag foghlaim in áit shábháilte.
Is oideoirí luathbhlianta láncháilithe iad foireann Naíonra Tigh na Sí, a bhfuil sárchumas acu ina réimse agus atá paiseanta faoin bhfoghlaim agus faoin oideachas luath.

Naionra Tigh na Sí was established in 2008 with the help of the community and local parents. The Naionra is still a non-profit company, run by the community and the parents who use the service. We educate children through the medium of Irish.
Naionra Tigh na Sí’s mission is to provide a high quality childcare service for pre-school and school-age children of local families.
We are registered with Tusla – The Children and Families Agency. Our trained, enthusiastic and friendly staff are the cornerstone of our service.
Above all, your child’s well-being and peace of mind are our top priority. We provide an environment where people are friendly, caring and where children feel comfortable. A place where every child is treated with respect, and where they will develop and learn in a safe place.
The staff at Naíonra Tigh na Sí are all fully qualified early years educators, who excel in their field and are passionate about early learning and education.