Téigh ar ais | Go back

Séasúr an Fhómhair

6/10/2026

Le coicís anuas, thógamar an deis chun níos mó a fhoghlaim faoi shéasúr an Fhómhair. Le linn am ciorcail, labhair muid faoin bhFómhar; an aimsir, na duilleoga ag titim de na crainn agus na duilleoga ag athrú dathanna. Bhí na páistí ar bís a gcuid scéalta a roinnt faoi arthrithe san Fhómhar, bhíodh siad ag iniúchadh ina ngairdín féin nó ag dul chuig an bpáirc áitiúil. Bhí áthas orainn gur thug na páistí go leor rudaí cosúil le duilleoga, cóin ghiúise, cnónna capaill, craobhóga agus úlla leo le cur leis an mbord dúlra. Bhí gach páiste ar bís a insint dá gcomhghleacaithe faoi na rudaí a thug siad isteach agus cá bhfuair siad iad. Maidir lenár n-ealaíon agus ceardaíocht, chruthaigh na páistí iora rua, sionnach, agus gráinneog ag baint úsáide as réimse ábhar éagsúil agus trí mheáin éagsúla cosúil le péint, gliú agus greamú agus cailc. Thaitin sé go mór leis na páistí stampáil le duilleoga agus péint agus fráma a chruthú ag baint úsáide as duilleoga freisin.

Chruthaíomar buidéil chéadfacha spreagtha ag an bhfómhar ag cur ábhair éagsúla cosúil le duilleoga, cóin ghiúise, rís agus pasta isteach sa bhuidéal. Thaitin sé go mór leis na páistí na buidéil a úsáid chun amhráin a chruthú agus muid ag damhsa le ceol spreagtha ag an bhFómhar. Thaitin sé go mór leis na páistí an bord súgartha praiseach a iniúchadh - na duilleoga, na húlla, na cóin ghiúise, na cnónna agus na craobhóga. Fuaireamar amach fuaimeanna agus uigeachtaí éagsúla.

I rith na seachtaine chuaigh muid ar go leor siúlóidí dúlra éagsúla ag iniúchadh an timpeallacht lasmuigh ag bailiú earraí an fhómhair. Thaitin sé linn freisin an timpeallacht lasmuigh a iniúchadh i ndálaí aimsire éagsúla - thaitin sé go háirithe leis na páistí ag rith timpeall sa ghaoth. Ós rud é go bhfuil séasúr an Fhómhair fós linn, leanfaimid lenár n-iniúchadh ar shéasúr an Fhómhair de réir mar a leanann na seachtainí ar aghaidh.

‍

Autumn

6/10/2026

Over the last two weeks we took the opportunity to learn more about the season of Autumn.
During circle time we spoke about Autumn; the weather, the leaves falling off the trees and the leaves changing colours. The children were excited to share their stories about exploring in Autumn whether it be exploring in their garden or going to the local park. We were thrilled that all the children brought items such as leaves, pine cones, conkers, twigs and apples to add to the nature table. Each child was excited to tell their peers about what they brought in and where they got it.
For our arts and crafts the children created a squirrel, fox, hedgehog using a variety of different materials and through different mediums such as paint, gluing and sticking and chalk. The children loved stamping with leaves and paint and creating a frame using leaves too.
We created autumn inspired sensory bottles placing different materials such as leaves, conkers, rice and pasta into the bottle. The children loved using the bottles to create songs while we danced to Autumn inspired music.
The children loved exploring the messy play table the leaves, apples, pine cones, conkers and twigs. We discovered different sounds and textures. Throughout the week we went on many different nature walks exploring the outdoor environment gathering autumn items. We also loved exploring the outdoor environment in different weather conditions the children in particular loved running around in the wind.
As the season of Autumn is still with us we will be continuing our exploration into the season of Autumn as the weeks continue.

‍